An Limistéar Eorpach Saoirse, Slándála agus Ceartais a Chosaint
Fís, Misean agus Luachanna
Ár bhFís
Ár Misean
I gcomhar leis na Ballstáit, déanaimid deimhin de go bhfuil teorainneacha seachtracha ann atá sábháilte, ag feidhmiú go maith agus a thugann slándáil
Ár Luachanna
Táimid gairmiúil
Tá an t-eolas, na scileanna agus na
hinniúlachtaí riachtanacha againn chun ár misean a chomhlíonadh go héifeachtach
ar ardchaighdeán eiticiúil agus féachaimid le barr feabhais a bhaint amach i
gcónaí inár gcuid feidhmíochta.
Léirímid meas
Aithnímid daoine, institiúidí agus a róil agus
léirímid meas orthu nuair a chaithimid leo mar nithe atá luachmhar agus
tábhachtach.
Féachaimid le comhar a bhaint amach
In éineacht le húdaráis náisiúnta ábhartha na
mBallstát AE, le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara eile déanaimid
teorainneacha seachtracha an AE a bhainistiú agus féachaimid le comhar a bhaint
amach le tíortha nach bhfuil san AE.
Le chéile, comhoibrímid agus saothraímid i gcomhar lena chéile ar fud na heagraíochta agus in éineacht le páirtithe leasmhara seachtracha chun spriocanna agus cuspóirí comhchoiteanna a bhaint amach.
Táimid cuntasach
Táimid iontaofa agus muid ag comhlíonadh ár
bhfreagrachtaí inár gcuid oibre, tráthúlacht na hoibre sin agus cáilíocht na
hoibre sin.
Mar ghníomhairí poiblí Eorpacha, oibrímid ar mhaithe leis na saoránaigh toisc gur cás linn daoine agus go gcreidimid i luachanna Eorpacha.