Príomhfhreagrachtaí


Imscaradh allamuigh

Soláthraíonn an ghníomhaireacht oifigigh fhorfheidhmithe dlí ó na Ballstáit agus ó Thíortha Comhlachaithe Schengen do limistéir theorann seachtraí a bhfuil cúnamh breise ag teastáil uathu. Soláthraíonn sí soithí, eitleáin agus trealamh faireachais teorann dóibh freisin. Mar aon le rialú teorann, cumhdaíonn oibríochtaí Frontex cúraimí a bhaineann le sábháilteacht mhuirí, seiceálacha slándála, cuardach agus tarrtháil agus cosaint an chomhshaoil.


Anailís riosca

Déanann Frontex measúnú ar rioscaí do shlándáil teorann an Aontais. Forbraíonn sé léargas ar phatrúin agus treochtaí san imirce neamhrialta agus i ngníomhaíochtaí coiriúla trasteorann ag na teorainneacha seachtracha. Comhroinneann an ghníomhaireacht a cuid fionnachtana le tíortha an Aontais agus leis an gCoimisiún Eorpach agus úsáideann sí iad chun a gníomhaíochtaí amach anseo a phleanáil. Úsáidtear anailís riosca mar threoir i ngach gníomhaíocht de chuid Frontex.


Faireachán staide

Déanann Frontex faireachán leanúnach ar theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh, agus é ag tabhairt an eolais is deireanaí agus foláireamh do Bhallstáit an Aontais, do Thíortha Comhlachaithe Schengen, don Choimisiún Eorpach agus do ghníomhaireachtaí eile.


Measúnú leochaileachta

Déanann an ghníomhaireacht meastóireachtaí bliantúla ar a inniúla agus a ullmhaithe atá gach Ballstát agus gach tír ar Tír Chomhlachaithe Schengen í chun déileáil le dúshláin ag a dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear brú imirce. Imscarann Frontex oifigigh idirchaidrimh chuig Ballstáit an Aontais chun cabhrú leis an ngníomhaireacht léargas cuimsitheach a choimeád ar rialú teorann ar leibhéal an Aontais.


Comhar Eorpach i leith Fheidhmeanna an Gharda Cósta

Tacaíonn an ghníomhaireacht leis an gcomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí, gníomhaireachtaí an Aontais agus údaráis chustaim ag teorainneacha muirí. Maidir leis na báid agus na heitleáin a imscartar ina cuid oibríochtaí, úsáidtear iad freisin chun faisnéis a bhailiú agus a chomhroinnt faoi rialú iascaigh, faoi thruailliú a bhrath agus faoi chomhlíonadh rialachán muirí.


Faisnéis a chomhroinnt faoi ghníomhaíochtaí coiriúla

Déanann an ghníomhaireacht an fhaisnéis a bhailítear ag na teorainneacha a chomhroinnt le húdaráis náisiúnta iomchuí, le Europol agus le gníomhaireachtaí Eorpacha eile. Áirítear leis sin faisnéis faoi dhaoine a bhfuil drochamhras ann go bhfuil siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí coiriúla, amhail smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine agus sceimhlitheoireacht.


Oibríochtaí fillte

Bíonn ag méadú ar an ról a imríonn Frontex i ndaoine nach bhfuil i dteideal fanacht san Aontas Eorpach a fhilleadh ar a dtír bhaile. Cé go gcabhraíonn an ghníomhaireacht leis na Ballstáit oibríochtaí fillte a chomhordú agus a mhaoiniú, féadfaidh sí oibríochtaí a sheoladh ar a tionscnamh féin freisin. Chun na críche sin, féadfaidh Frontex eitiltí a chairtfhostú agus suíocháin a chur in áirithe ar eitiltí tráchtála. Chomh maith leis sin, cabhraíonn an ghníomhaireacht leis na doiciméid riachtanacha taistil a fháil do na fillithe agus le saineolaithe a sholáthar chun cuidiú leis na hoibríochtaí fillte.


Caidreamh Seachtrach

Tá comhar le tíortha lasmuigh den Aontas agus de limistéar Schengen ina chuid dhílis de shainordú Frontex. Tá sé ar cheann de na tosaíochtaí straitéiseacha atá ag an ngníomhaireacht freisin. Chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme an córas Eorpach um bainistiú comhtháite teorainneacha, déanann Frontex líonra comhpháirtíochtaí a fhorbairt agus a chothabháil le húdaráis teorann i stáit nach bhfuil san Aontas, go háirithe iad sin atá suite taobh leis an Aontas agus tíortha tionscnaimh agus idirthurais imirceach. Chomh maith leis sin, imscarann an ghníomhaireacht oifigigh idirchaidrimh chuig áiteanna lasmuigh den Aontas a dtéann imirce neamhrialta i bhfeidhm orthu.


Mearfhreagairt

Bíonn Frontex in ann gardaí teorann agus cósta agus trealamh a imscaradh go tapa chuig Ballstáit an Aontais agus chuig Tíortha Comhlachaithe Schengen a bhfuil éigeandáil ag bagairt orthu ag a dteorainneacha seachtracha. Ní mór do na Ballstáit suas le 1500 oifigeach a sholáthar ón mbuíon mearfhreagartha arna iarraidh sin ag an ngníomhaireacht.


Taighde agus Nuálaíocht

Tugann Frontex saineolaithe rialaithe teorann le chéile leis an lucht taighde agus tionscail chun a chinntiú go bhfreastalaítear leis an teicneolaíocht nua ar na riachtanais atá ag údaráis rialaithe teorann.


Oiliúint

Forbraíonn Frontex comhchaighdeáin oiliúna d’údaráis teorann ar mhaithe le hoideachas gardaí teorann agus cósta a chomhchuibhiú san Aontas agus i dTíortha Comhlachaithe Schengen. Is é an aidhm atá leis sin a áirithiú go dtiocfaidh taistealaithe ar chaighdeáin aonfhoirmeacha rialaithe teorann nuair a thrasnaíonn siad teorainn sheachtrach de chuid an Aontais. Fágann sé freisin gur féidir le gardaí teorann agus cósta ó thíortha difriúla oibriú go héifeachtach lena chéile agus iad imscartha in oibríochtaí Frontex.


ETIAS

Tá ról lárnach ag Frontex maidir leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú. A luaithe a bheidh sé feidhmeach as 2023 amach, beidh sé de cheangal ar thaistealaithe gan víosa ó bhreis agus 60 tír iarratas a dhéanamh ar údarú taistil ETIAS sula gcuirfidh siad tús lena dturas chuig limistéar Schengen na hEorpa. Tá Frontex freagrach as Láraonad ETIAS a óstáil, a oibreoidh 24/7 chun iarratais a phróiseáil i ndlúthchomhar le haonaid náisiúnta na mBallstát agus chun tacú le taistealaithe agus le hiompróirí araon. 


We use cookies on our website to support technical features that enhance your user experience.
More information