Oibríochtaí Comhpháirteacha

Is iad oibríochtaí comhpháirteacha na gníomhaíochtaí is infheicthe de chuid na gníomhaireachta. Mar aon le báid, carranna, eitleáin agus trealamh eile a imscaradh, imscarann Frontex na céadta duine d’oifigigh theorann agus chósta chun cúnamh a thabhairt do Bhallstáit a bhfuil dúshláin ag bagairt orthu ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Tugtar faoi na hoibríochtaí sin ag teorainneacha mara agus talún na hEorpa agus ag aerfoirt idirnáisiúnta. Cé go bhfuil Frontex ag brath go príomha ar Bhallstáit an Aontais agus ar Thíortha Comhlachaithe Schengen faoi láthair chun na sainoifigigh agus an trealamh a sholáthar a theastaíonn dá oibríochtaí, tá an ghníomhaireacht ag bogadh anois i dtreo a trealamh féin a ghlacadh ar léas agus a cheannach. Tá ag Frontex freisin 1 500 oifigeach ar a laghad is féidir a imscaradh laistigh de chúig lá chun déileáil le héigeandálaí ag teorainneacha na hEorpa.

Cé go dtacaíonn na hoibríochtaí ar muir atá ar siúl ag an ngníomhaireacht sa Mheánmhuir leis an Iodáil, leis an nGréig agus leis an Spáinn déileáil le brú imirce, cabhraíonn oibríochtaí uile na gníomhaireachta le dul i ngleic le cineálacha éagsúla coireachta trasteorann freisin. Tá cúraimí breise i gceist leis na hoibríochtaí ar muir, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar thruailliú agus ar iascaireacht neamhdhleathach. Cuirtear na hoibríochtaí sin chun feidhme i gcomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe Europol, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach.


Forfheidhmiú an dlí

Imríonn Frontex ról ríthábhachtach i slándáil inmheánach limistéar Schengen a neartú trí fhaireachán a dhéanamh ar a theorainneacha seachtracha, trí sheiceálacha slándála agus oibríochtaí fillte a sheoladh agus trí dhul i mbun comhair le húdaráis náisiúnta agus le Europol.

Rannchuidíonn Frontex leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta freisin trí chúnamh a thabhairt do na Ballstáit rialuithe a dhéanamh níos doichte ag na teorainneacha seachtracha agus trí thacú le sceimhlitheoirí eachtracha féideartha a bhrath. Tá na hoifigigh a n-imscarann Frontex iad oilte i ndaoine a bhféadfadh baint a bheith acu leis an sceimhlitheoireacht a bhrath.


An ról atá ag Frontex in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála

Tá rannpháirtíocht in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála mar thosaíocht ag Frontex ón tús agus cumhdaítear an rannpháirtíocht sin sa rialachán ón Aontas lenar cruthaíodh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach. Tá oibleagáid ar Frontex cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a thabhairt ar muir chun tacú le haon oibríochtaí tarrthála a thagann chun cinn le linn oibríochtaí faireachais teorann.

Bíonn gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ina gcuspóir sonrach leis an bplean oibríochta do gach oibríocht ar muir de chuid Frontex freisin.

Idir 2015 agus 2020, rannchuidigh Frontex le 353 270 duine a tharrtháil sa Mheánmhuir.
We use cookies on our website to support technical features that enhance your user experience.
More information