Cuid dhílis de ghníomhaíochtaí uile Frontex is ea cearta bunúsacha a urramú agus a chosaint. Cuirtear oiliúint ar fhoireann na gníomhaireachta agus ar na hoifigigh náisiúnta atá rannpháirteach in oibríochtaí Frontex maidir le cearta bunúsacha agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta sula n-imlonnaítear iad, agus is cuid dhílis de gach plean oibríochtúil an oibleagáid sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a thuairisciú.
Tuairiscíonn oifigeach um chearta bunúsacha atá neamhspleách i gcomhlíonadh a c(h)uid dualgas go díreach don Bhord Bainistíochta, agus comhoibríonn sé/sí leis an bhFóram Comhairleach um Chearta Bunúsacha. Cabhraíonn an Fóram Comhairleach leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus leis an mBord Bainistíochta le comhairle neamhspleách ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha. Tá triúr ball bhuana ar an bhFóram Comhairleach, trí eagraíocht idirnáisiúnta, agus naoi n-eagraíocht na sochaí sibhialta a cheaptar le haghaidh téarma thrí bliana:
Comhaltaí buana:
- Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA)
- An Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO)
- Ardchoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR)
Eagraíochtaí idirnáisiúnta:
- Comhairle na hEorpa (CoE)
- An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM)
- An Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE)
Eagraíochtaí na sochaí sibhialta a ndéantar ionadaíocht ar a son faoi láthair:
- An tIonad AIRE
- Oifig na nInstitiúidí Eorpacha de chuid Amnesty (AI- EIO)
- Caritas Europa
- Coimisiún na nEaglaisí d’Imircigh san Eoraip (CCME)
- An Chomhairle Eorpach um Dhídeanaithe agus Dheoraithe (ECRE)
- Coimisiúin Idirnáisiúnta Saineolaithe Dlí (ICJ)
- Seirbhís na nÍosánach do Dhídeanaithe (JRS)
- Ardán le haghaidh Comhair Idirnáisiúnta ar Imircigh gan Doiciméid (PICUM)
- Oifig na Croise Deirge AE (RCEU)
Ba cheart ceisteanna a bhaineann leis na réimsí a chumhdaítear ag an Oifig um Chearta bunúsacha a chur chuig FRO@frontex.europa.eu.